просто прикольно пробовать на вкус)
Jun. 27th, 2007 07:28 pmIs amhlaidh a bhí meitheal acu, agus bhí siad ag suí chun bia, agus bhí bord mór prátaí os a gcomhair, agus bhí báisín bainne ramhair ar aghaidh gach fir amach. Thóg fear an tí a bháisín féin, agus an chéad bholgam a bhain sé as nocht sé luch ann. Bhagair sé ar Cháit agus thaispeáin sé an luch di. Níor chuir sin corrabhuais ar bith uirthi.
Rug sí ar an mbáisín ina láimh chlé. Chuaigh sí anonn go doras. Chuir sí an lámh dheas sa bháisín. D’ardaigh sí an luch as agus chaith sí an doras amach í, agus ansin bhuail sí an báisín céanna agus an bainne céanna ann, os comhair a fir.
Nuair a chonaic sé cad a bhí déanta aici d’éirigh sé ón mbord i bhfeirg agus d’imigh sé amach. Nuair a bhí sé ag gabháil amach, dúirt sise, “Go deimhin, is deacair daoine a shásamh. Ní dhéanfadh bainne agus luch ann an gnó, ná bainne agus luch as.”